Shuíos síos le Yvonne roimh an bpaindéim agus chaitheamair súil siar ar a saol mar chailín óg ag fás aníos i lár na tíre, mar mháthair ar naonúr Corcaíoch agus mar scríbhneoir agus ealaíontóir mór le rá i saol na hÉireann agus i saol na Gaelainne.



“Tar isteach, a stór,’’ a chloisim ón tseomra suí, an guth íseal ag teacht tríd na painéil ghloine ar an sean-doras. Tá stair ag an dtigh seo, is féidir na scéalta a bhrath ó na fallaí.

Tá Yvonne ina suí cois tine, grianghraf os a comhair aici, agus cupán tae taobh léi. Tá saothair ealaíne dá cuid ag crochadh ar gach balla, agus tá pictiúir dá teaghlach i ngach cúinne den tseomra seascair seo. Tá Yvonne ina haonar sa tigh anois, agus is deacair dom a chreidiúnt go mbíodh aon duine dhéag suite sa tseomra so na haon oíche, tráth.

“Thánag ar an bpictiúr so le déanaí,’’ arsa Yvonne, agus an grianghraf ina lámha aici. Tá sí le feisicint ann, í sé bliana d’aois, i ngúna galánta.

A Céad Chomaoineach a bhí ann. ‘Bhí gliondar ar chách an lán san,’’ a deir sí. “Tháinig comharsa, a bhí tar éis tréimhse a chaitheamh i Nua-Eabhrac, chun mo ghrianghraf a ghlacadh lena ceamara; an t-aon cheann sa bhaile! Seoladh mé go teach na gcomharsan ionas go mbeidís in ann súil a chaitheamh ar mo chuid ‘stíle’’’. 

“Antics péacóga a bhí ar siúl agam an lá san, i ndáiríre, ach bhíos ar bís le mo bhróga nua, agus iad ag glioscarnach fén ngrian. Táim fós ar buile nach féidir iad a dh’fheiscint sa phictiúr san!’’ a deir sí, agus í sna trithí ag gáire.

“Fuaireas sé phingine ó mo sheanathair. Cheannaíos buidéal liomanáide agus paicéad brioscaí. Tháinig mé amach as an tsiopa le 3p de shóinseáil, samhlaigh é!’’

D’fhás Yvonne aníos i gCluain Leisc, Suí an Róin, Contae Uíbh Fháilí, agus cuimhníonn sí go maith an saol a bhí aici ann. 

“Chaitheadh m’uncail cóip den Independent isteach sa ghairdín gach maidin ón dtraein; an chéad chóip sa bhaile. Bhailíodh na comharsan go léir inár dteach chun nuacht an lae a dh’fheiscint- is cuimhin liom scéalta fé de Valera sa Dáil.’’

“Bhíodh cácaí déanta ag mo mháthair agus bhíodh daoine ag insint scéalta, ag casadh ceoil, ag rince. Bhí sé ar nós an Opera House! Chasadh Mam agus mo chol ceathrar amhrán darb ainm ‘Young Caroline from Edinburgh Town’ agus bhíodh deora i ngach súil sa tseomra.’’

“A new tune took flight, out the window, into the bleak bog night…’’

Sliocht as dán de chuid Yvonne

Tháinig Yvonne go Corcaigh i ndiaidh an chogaidh. Bhuail sí lena fear chéile i bpáirc spraoi i dTiobraid Árann agus í ceithre bliana déag d’aois. Phósadar i gCorcaigh agus bhí naonúr clainne acu.

“Bhí muintir na tuaithe an-mhaith dom i gcónaí,’’ arsa Yvonne. “Thagaidís ar cuairt le húlla agus málaí móna ón bportach dom. Tá a lán dóibh tar éis bás a dh’fháilt, áfach, agus braithim uaim go mór iad.’’

“Bhí muintir Chorcaí ana-dheas dom ón dtús. Is aoibhinn liom an chathair seo. Is Corcaígh iad mo pháistí agus mo gharpháistí. Dá mbeadh Corcaigh ag imirt in aghaidh Uíbh Fháilí, is cinnte go mbeadh dearg agus bán á gcaitheamh agam anois!’’ arsa í, le meangadh gáire ar a haghaidh. 

Agus í i gCorcaigh ar dtús, d’oibrigh Yvonne mar thimire Ghaelainne don ICA. “Théinn timpeall na háite ar an mbus nó ar an dtraein a d’iarraidh An Ghaelainn a chur chun cinn,’’ a deir sí. “Mhúininn paidreacha dos na sluaite chun bunchloch sa teanga a thabhairt dóibh.’’

Tá Yvonne dóchasach fé thodhchaí na teanga. “Ní hamháin go bhfuil sí beo- tá sí ag fás. Tá níos mó suime sa teanga anois ná mar a bhí riamh i mo shaol. Tá grá ag daoine dá dteanga dhúchais.’’

Níor thosnaigh Yvonne ag scríobh nó ag péintéireacht go dtí go raibh sí ina daichidí. “B’iad Yvonne agus Conchubhair an bheirt dheireanach a bhí agam, agus ba chúpla iad,’’ arsa Ní Chonchubhair. 

“Sin as ar tháinig an t-ainm cleite atá agam. Nuair a shiúladar amach an doras ar a gcéad lá scoile, fuaireas an clóscríobhán, agus thosnaíos ag scríobh don gcéad uair.’’

Foilsíodh dhá bheart filíochta de chuid Yvonne agus bhí a cuid scríbhneoireachta le feiscint i leabhair agus nuachtáin ar fuaid na tíre. “Bhíos bréin dom fhéin théis tamaill!’’ a deir Ní Chonchubhair, agus í ag sciotaráil. 

Bhuaigh Yvonne an oiread san duaiseanna le linn a saoil nach bhféadfaí iad go léir a lua, ach ina measc bhí trí bhronnaire dhéag ón ICA, mar shampla cinn don iriseoireacht, don bhfilíocht agus dá staidéar ar an nádúr.

“Bhí an nádúr i gcónaí le feiscint i mo chuid scríbhneoireachta. Ag fás aníos fén tuath bhínn ag piocadh sútha talún, agus ag súgradh sna goirt ó cheann ceann an lae. Tá áit lárnach ag an nádúr i m’anam agus i m’ealaín’’

“Bímse i gcónaí i mbun léitheoireachta. Is aoibhinn liom a leithéid de Shakespeare, Kavanagh agus Keats- agus foghlaimím focail nua uatha i gcónaí!’’

Deireann Yvonne chomh maith go gcuireann tragóid lena cuid oibre. “Nuair a fuair m’athair bás, bhíos croíbhriste, ach thug sé ionspráid dom, ní hamháin do mo chuid scríbhneoireachta, ach sa saol i gcoitinne,’’ arsa Yvonne.

“Nuair a chailltear duine éigin cóngarach leat, is féidir a lán ceachtanna a dh’fhoghlaim i measc an chumha. Thuigeas i ndiaidh a bháis cé chomh beag ‘s a bhí na fadhbanna s’agamsa’’. 

“Thaispeáin sé dom ná féidir airgead a iompar leat chuig an uaigh. Thaispeáin sé dom ná féidir duine a dh’fháilt thar n-ais nuair a chailltear iad. Gan an tragóid i mo shaol, bheinn ana-dhifriúil anois.’’  

“Cheap m’athair go rabhas ana-chliste. I ndáiríre, ní raibh ach píosa ‘cop-on’ agam!’’ arsa Ní Chonchubhair. 

“Bhí ana-shuim aige sa scríbhneoireacht. Is mór an trua é ná raibh a fhios aige gur scríbhneoir a bhí ina iníon féin. Déarfainn go mbeadh sé ana-bhródúil asam.’’

D’fhreastail Ní Chonchubhair ar fuaid na cruinne le linn a saoil, ó hIosrael go Fatima, An Vatacáin go Nua-Eabhrac. Creid nó ná creid, bhí sí ar an gcéad eitleán a d’eitil ó Aerfort Chorcaí nuair a osclaíodh é sna seascaidí.

“Bhuamar comórtas de chuid Jacob’s. Bhí ar mo mháthair aire a thabhairt dos na páistí ar feadh an lae. Bhí imní an domhain orm, ach bhí ana-lá amach againn, turas timpeall mhonarchan Jacob’s i mBaile Átha Cliath agus dinnéar saor in aisce san áireamh, leis na réaltaí is mó sa tír!’’

“Is cuimhin liom na soilse ar an rúidbhealach, is dócha go bhfuil sceitimíní orm fós!’’

Tá luí na gréine ag lonrú an tseomra anois, agus tá sé beag nach in am don Nuacht i dTigh Uí Chonchubhair. 

“Cén phleananna atá ag Yvonne Ní Chonchubhair anois?’’ arsa mise. “Rachaidh mé aon áit gur féidir liom i mo chathaoir rotha!’’ a fhreagraíonn sí, a haghaidh lonraithe ag an ngrian íseal. 

“Chuas chuig Féile an tSnagcheoil le déanaí agus bhí sé sin ar fheabhas. Tá go leor ionspráide agam fós do mo chuid scríbhneoireachta. Agus tá clann ollmhór, iontach agam. Táim chomh bródúil astu.’’

“Aon teachtaireacht dos na léitheoirí?” arsa mé féin.

Casann sí agus féachann sí díreach isteach i mo shúile;

“The least said is the easiest mended. Fan ar thaobh an tsíocháin i gcónaí.’’

 

D’imigh Yvonne ar shlí na fírinne i Mí na Bealtaine 2020 agus í ceithre bliana déag is ceithre fichid d’aois. Níor stop sí ag scríobh riamh. Suaimhneas síoraí dá hanam dílis.

 

Le Antóin Ó Trinlúin

Tags: