Ag breathnú siar ar stair na hÉireann, feictear oileán faoi chuing na daoirse. Is scéal lán le ganntannas é – easpa cearta, easpa saibhris, easpa riachtanas bunúsach. Bhíodh muintir na hÉireann ag bun liosta na dtosaíochtaí i gcónaí – más féidir fiú tosaíocht a ghlaoch orainn. Ach anois, agus ó am na saoirse, arís is arís eile, feictear go bhfágtar iad siúd is mó i mbaol ar imeall na sochaí, gan cúnamh ná comhar. Nár fhoghlaimíomar aon rud ó stair dhubh na tíre seo?
De réir Focus Ireland, tá thart ar 8,000 duine in Éirinn gan dídean faoi láthair. Páistí is ea níos mó ná 2,000 acu. Cén fáth? Is teip í seo a bhaineann le cúrsaí polaitíochta; i rith na géarchéime seo, ní raibh fonn ar an rialtas, agus an tAire Ó Murchú ach go háirithe, tithe a thógáil, ar bhonn idéeolaíochta. Nach olc an smaoineamh é sin; daoine gan dídean mórthimpeall, ach bhí an chuma ar an scéal go raibh cúrsaí idéeolaíocha níos tábhachtaí ná cearta daonna. Buíochas le Dia, is cosúil go bhfuil feabhas ag teacht ar an scéal, go mall. Níor chóir go mbeadh daoine gan dídean in Éirinn, Éire ina bhfuil ceann de na GDPs per capita is airde ar domhan – 190% de mheán-GDP an Aontais Eorpaigh. Déanann Éire na gcomhlachtaí móra – Apple, Facebook agus Google – an fíorscéal a chur i bhfolach; ní mór díriú orthu siúd ar na sráideanna in áit Zuckerberg et al.
Ag tús na bliana seo, foilsíodh tuairisc ar scannal na nÁras Máithreacha is Leanaí in Éirinn. Tréimhse náireach, bhrónach, agus chiontach i stair na hÉireann. Cruálacht, mídhaonnacht, agus forcheilt, déanta ag an Stát agus an Eaglais, le cabhair ó fhuarchúis na sochaí. In ainm Críostaíochta, rinneadh rudaí neamhchríostaíocha. É sin ráite, is féidir comparáid a dhéanamh leis an gcóras ‘Soláthar Díreach’ atá in úsáid i leith lucht iarrtha tearmainn. Cuirtear i bhfoirgnimh iad, le caighdeán maireachtála íseal, gan cead obair ná airgead a thuilleadh. Fágtar ann iad ar feadh na mblianta, ag costas mór dá saol. Cheapfá go mbeadh ceacht foghlamtha againn, agus go mbeadh fonn orainn deis a thabhairt dóibh siúd atá leochaileach sa tsochaí – go háirithe mar gheall ar scéal na nÉireannach thar lear. Ní féidir an tréimhse scannalach ó 1921 go 1998 a cháineadh muna bhfuil tú réidh gníomhú i gcoinne an tsoláthair dhírigh.
Ní chuirtear deireadh leis an scéal anseo, áfach. Is féidir sampla i ndiaidh sampla a lua den easpa chúraim atá leirithe ag an stát; is féidir neamhionannais an stáit a fheiceáil go láidir sa chaoi a gcaitear le muintir an luchta siúil. Ón am a rugtar iad, tá ionchais saoil i bhfad níos lú acu – de réir staidéir ar a sláinte, tá ionchas saoil na bhfear ón lucht siuil inniu mar an gcéanna le hionchas saoil an phobail choitianta sa treimhse 1945-47 – mar gheall ar eitneacht na ndaoine. Ciallaíonn sé seo go bhfuil ionchas saoil na bhfear ón lucht siúil ceithre bliana déag níos lú na fear ón bpobal coitianta. Tá leibhéal na bhfadhbanna meabhairshláinte níos coitianta ina measc; tá an ráta báis mar thoradh ar mheabharshláinte 5.75 uair níos mó i measc an luchta siúil. Tagann fadhb an chiníochais chun cinn go laethúil – cuimhnigh ar Pheadar Casey sa toghchán Uachtaránachta in 2018; caith súil ar an gcás a tháinig os comhair an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre, áit ar deimhníodh go ndearnadh leithcheal ar bhean ón lucht siúil agus í ag cur óstáin in áireamh dá bainis; nó, arís eile, i mo cheantar féin ar Facebook i ndiaidh socraid nár lean le cúraim an rialtais i leith na paindéime – ní fhéadfainn an cineál teanga a bhí in úsáid a rá, ach is féidir leat a shamhlú ceard a bhí i gceist. An bhliain seo caite, tháinig gluaiseacht dhomhanda chun cinn i gcoinne an chiníochais – ní mór do shochaí na hÉireann níos mó a dhéanamh anseo sa bhaile, gan amhras.
Ní bheadh sé ceart ná cóir críochnú gan dul chun cinn a aithint; ar bhonn caighdeáin saoil, tá Éire mar thír ‘ardfhorbartha’ ar scála HDI na Náisiún Aontaithe (is fiú a lua go dtógtar ionchas saoil agus blianta oideachais san áireamh anseo, rud a chiallaíonn nach dtagann fírinne an scéil i leith na ndaoine is leochailí chun cinn mar atá thuasluaite), tá córas cánach fhorásaigh againn, deimhnithe ag an OECD arís agus arís eile, agus tá athruithe geallta i gClár an Rialtais chomh maith – ar nós deireadh a chur leis an gcóras ‘soláthar díreach’, agus tithe sóisialta a thógáil. Ní mór don stát gníomhú ar son na maitheasa, áfach, agus iad siúd is mó i mbaol a chur chun cinn i ngach polasaí – is éasca an rud é tacaíocht a thabhairt ó bhéal, ach b’fhearr liomsa athruithe suntasacha a fheicéail.
Conor de Rúit 3/2/2021