Oonagh Ní Mhuirí: Príomheagrathóir
A chairde Gaeil,
Faoi dheireadh thiar thall táim ar muin na muice an t-iris seo a roinnt libh!
Ba mhaith liom aird a tharraingt ar an obair den chéad scoth a bhí curtha isteach ag mo chomhghleactha Niamh agus Emer sa tionscnamh seo – cinnte ní bheadh an t-iris seo curtha le chéile gan iad. Comh maith le sin ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an bhfoireann Motley, as ucht a n-am agus a dtaithí a roinnt linn. Gan amhras, caithfidh mé mo bhuíochas a chur in iúl do Hilary ó thaobh an obair iontach dearadh a bhí déanta aici.
Thosaigh an tionscnamh seo thar an tsamhraidh agus ní chreidfeá an méid oibre atá I gciest le iris a chuir le chéile. Gach bliain eile, b’fhéidir go mbeadh an fheachtais do-dhéanta, ach de bharr Covid-19, bhí beagáinín níos mó ama agam ná mar a bheadh ag na Cathaoirligh de ghnáth agus I mo thuairimse, ‘sé coiste na Cuallachta 20/21 an coiste b’fhearr riamh. I ndútahir, chabhriagh siad liom go mór mhór. Cé go bhfuil mé ag gearán agus airneáil faoi láthair táim an-bhuíoch go raibh mé bainteach leis an bhfeachtais seo ón dtús.
Bhraith mé gach aon chineál mothúcháin agus an t-iris seo idir láimhe agam. Ar dtús, bhíos lán d’fhuinneamh agus muiníneach agus bhí mé an-sceitimíneach tosú. Ach ansin, nuair a thuigeas go mbeadh obair na gcapaill ag teastáil, bhraitheas cuíosach amhrasach mar ní raibh mé cinnte an mbeinn in ann do. Ach tar éis dom bualadh leis an bhfoireann, cinnte níor bhraith sé comh scanrúil. Is dócha go bhfuil fírinne sa seanfhocal ar scáth a chéile a mhairimíd. (Ná bac leis an móramh de na seanfhocail sin, níl iontu ach ráiméis.)
Beagán fúm féin agus mo chuid Gaelinne, má’s cuma libh in aon chor. Is as Contae an Chláir mé ó dhúchais agus de thaitin an Ghaeilge liom go mór sa bhunscoil. D’aithin mo shean-phríomhoide é seo agus de mhol sí dom frestal ar Choláiste Íde (scoil chónaithe sa Daingean Uí Chúis – is dócha go mbeadh sibh in ann é sin a dhéanamh amach trí aird a thógaint de mo chanúint). Ambaiste, d’fhreastail mé ar Choláiste Íde ar feadh sé bhliana agus is ansin a d’fhás mo ghrá don teanga. Táím I mo chónaí faoi láthair in Áras Uí Thuama agus is mise Cathaoirleach na Cuallachta. Súil agam go mbeidh mé ag plé le cúrsaí Gaeilinne ar feadh na blianta!
Faoin iris áirithe seo, ‘sé seo ceann de na gaiscí go bhfuilim is bródúil astu. Is é an eispéir atá agam ná go bhfreastalóidh mé ar Choláiste na hOllscoile Chorcaigh I gceann deich nó fiche mbliain agus go mbeidh ‘Breac’ fós á fhoilsiú go mbliaintiúil.
Pé scéal é, ní choimeádfaidh mé sibh in aon chor. Cas an leathanach (fiú má tá sé go leictreonach) agus bain taitneamh as!