Plean Ceart Teangan le Fógairt Inniu
“Is coincheap é an t-am. Rud a chiallaíonn gur féidir linn neamhshuim a dhéanamh ar an nGaoluinn go dtí 2121. Hah!” – Urlabhraí ón Rialtas, faid is a bhí an t-iriseoir seo ag plubaireacht isteach ina cóip féin de Ghraiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí.
Rialacha Nua Scrúduithe ag UCC
Tá sé fógartha inniu ag Coiste um Úsáid Graificí san Ollscoill go nglacfar go hiomlán le hemojis mar fhreagraí i scrúduithe an tsamhraidh. “Is cóir sampla an aire sláinte a leanúint i ngach cuid den saol. Má thugann mac léinn ordóg in airde, gheobhaidh siad an chéad onóir agus masc le haghaidh Stephen Donnelly air.” – Cathaoirleach an choiste.
‘Brónsies’ – Ursula van der Leyen
Áiféala ar Ursula bhocht fén rud san ar fad le Tuaisceart na hÉireann. “Ba do dhuine éigint eile an téacs sin a stór,” a dúirt sí le Breac inniu. Nuair a chuir an t-iriseoir seo ceist uirthi conas go raibh ‘uimhir ghutháin’ Thuaisceart na hÉireann aici, sheachain sí an cheist agus dúirt ‘Nach cuma? Cairde go brách anois muid! Féach ar mo bhráisléad cairdis!’. Níor eisigh Tuaisceart na hÉireann aon ráiteas in dtaobh an méid a dúirt Ursula.
Tá sé oifigiúil: slat draíochta seachas baton a bhíonn ag stiúrthóir ceolfhoirne (URRAITHE)
Cén míniú eile atá agat ar chaoga duine ag seimint in am le chéile? Admhaigh é. Deineann sé ciall. (Urraithe ag lucht leanúna Harry Potter™).
Achrann in Áras na Laoi
Níl Seán agus Gearóid, mic léinn tarna bliana ar an gcúrsa Dlí agus Gaeilge, UCC, ag labhairt lena chéile a thuilleadh. Deir duine acu cur cirte madra a thabhairt ar an ainmhí ársa a deir ‘woof’, agus deir an duine eile gur foirm níos stairiúla atá sa bhfocal ‘gadhar’. Táid chun bréagchúirt a reachtáil ar Zoom, más suim le héinne é, cur DM chucu. Tá Neasa idir dhá chomhairle ar chóir di an focal ‘cú’ a chur i gcuimhne dóibh.
Círéibeacha ar Chnoc Bhréanainn
D’eagraigh grúpaí i bhfábhar Trump in Éirinn círéib ar Chnoc Bhréanainn chun tacú le hiarrachtaí lucht tacaíochta Trump i Meiriceá. Ar an ndrochuair níor éirigh le héinne a chéile a aimsiú, mar sin chuaigh an chuid is mó acu abhaile láithreach. É sin ráite, d’fhan cúpla dílseoir ar an gcnoc ar feadh tamaill eile chun cúpla masla a chaitheamh le caora nó dhó, agus cic maith a thabhairt dos na clocha áitiúla. Tá beirt de lucht na gcíréibeacha in ospidéal Thrá Lí inniu, iad ag fulaingt le méaranta coise briste. “Dob’ fhiú é!” – Dónal an Trumpa ag labhairt le Breac óna leabaidh in ospidéal Thrá Lí.
Buartha fé Chóivid? Léigh é seo!
Níor chóir a bheith buartha fé Cóivid i gcomparáid le sciúirse eile atá ar a shlí. “Focal amháin. Zoom! Bíonn gach duine thar a 30 ag béicigh isteach ann, seachas ag labhairt. Mar shampla m’athair, Ard-Choimisinéir an Tuisil Ghinidigh. Cé a dhéanfaidh a jab siúd nuair a thiocfaidh scórnach thinn air?” . B’in mar a labhair Annie de Faoite (21) ó Charna le Breac ar maidin. (I ndáiríre scrígh sí síos dúinn é ar eagla go bhfaigheadh sí scórnach thinn.)
Coiníní! Staidéar ó MIT
Fógraíodh le déanaí go bhfuil coiníní na hÉireann níos sona iontu féin anois ná mar a bhí le céad bliain. N’fheadar éinne cén fáth, ach is cinnte ná leanfaidh sé i bhfad, mar is speiceas duairc iad ó dhúchas, dar le príomh-thaighdeoir an staidéir in MIT.
Tá buachaill ag mo chara. Táimse liom féin. An bhfuil míniú ag éinne?
Tinder.
Faid suntasach curtha le méar fhada an mhic léinn
Tá méadú suntasach tagtha ar fhaid na méire fada ag mic léinn in Éirinn, toisc go bhfuil oiread le déanamh acu ná fuil déanta acu fós. Chomh maith leis sin, tá breis meáchain ar an méar fhada rud a chiallaíonn go bhfuil seans níos mó ann go mbrisfear í nuair a thosnaíonn na mic léinn ar aistí a scríobh chun brú a bhaint ón méar fhada. Fáinne fí atá ann, más mian leat cabhrú cuir DM go dtí Coiste na bhFadhbanna, BÁC.