In omós do laoch Chorcaí agus seoid i gcoróin na hÉireann
Tháinig scamall anuas ar mhuintir Chorcaí agus ar dhomhain an Chumann Lúthchleas Gael le fógairt bháis Éamonn Uí Riain (Ryan), iar-phríomhoide Scoil Náisiúnta Cnocán na Biolraí, iar-Oifeagach Forbartha an CLG anseo i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus, sa ról inar bhain sé aitheantas agus cáil amach go forleathan sa tír, iar-bhainisteoir fhoireann peil na mban Chorcaí. Tá a bhás ar an 14ú d’Eanáir na bliana seo fós ina néal os ár gcionn, agus is ar fhocail Thomáis Uí Chromhthain a smaoiním nuair a labhraítear faoin oidhreacht a d’fhág sé nuair a d’imigh sé ar shlí na fírinne; “Ní bheidh (a) leithéad arís ann.”
Rugadh agus tógadh an gaiscíoch seo i gCnochán na Biolraí sa bhliain 1941. Bhí dúil sa CLG i gcónaí aige, agus chaith sé geansaí foireann peile Chorcaí sna seascadaí. In aineoinn na ngaiscí áitiúla agus náisiúnta a thuillfeadh sé thar na blianta, déarfadh sé i gcónaí gurb é bua an chontae i 1974 le foireann shóisearach Cnocáin na Biolraí buaic na glóire dó. Sin an saghas fear a bhí i gceist; fear lách, fear uamhal, fear séimh, agus cainteoir líofa Gaeilge leis.
Le céim sa bhunmhúinteoireacht, do chaith sé a shaol ag treabhadh leis chun scileanna lúthchleasaíochta, scileanna acadúla, agus scileanna pearsanta a fhorbairt sna glúnta go raibh an t-ádh leo bualadh leis. Deirtear gur treise an dúchas ná an oiliúint, ach is deacair an tionchair a bhí aige ar na himreoirí idir óg agus aosta féna chúram a shéanadh. Bhí sé ina bhainisteoir fhoireann peil na mban Chorcaí ó 2004-2015, agus le linn na tréimhse san, do tháinig Corn Brendan Martin go bruach na Laoi deich n-uaire. Bhí na cailíní seo ina mbanraíona craobh peil na mban, agus bhéarfaidís mionna gurb é Ryan é fhéin ba chúis leis, Ryan agus an sprid agus an comhluadar a chruthódh sé ar an bpáirc peile, agus lasmuigh de. Cé go raibh níos mó ratha ag mná Chorcaí ná a bhí ag aon fhoireann nó pearsa spóirt eile ag an am san, is ag snámh in aghaidh easa a bhíodar chun aitheantas ar bith a bhaint amach, go háirithe sna meáin; ba chosúil go rabhadar “dofheithce,” ar shí, ar a shon is gur chailíní a bhí i gceist. Ach ní raibh dabht ar domhan in aigne Ryan go raibh a chuid banpheileadoirí chomh maith le haon fhear a bhí á phlé ar an ‘Sunday Game.’ Dúirt iarpheileadóir Chorcaí Valerie Mulcahy san ‘Irish Examiner’ gur dhein sé comparáid idir a cuid gaiscí féin agus gaiscí an Gooch agus Maurice Fitzgerald, rud nach ndéanfadh iriseoirí spóirt ag an am san in aon chor. Do chreid sé go daingean go raibh an meas céanna tuillte ag mná agus fir i ndomhain an CLG, agus ba cheannródaí ceart é san aimsir san.
Deirtear go bhfuil gach dalta mar a oiltear, agus bhí Ryan i bhfad níos mó ná bainisteoir peile i shaoil na n-imreoirí a d’imigh i mbun peile agus iománaíochta leis. Feabhlsamh a bhí i gceist, agus chuaigh a chuid searmóin go mór i bhfeidhm ar an slua a bhí bailithe chun éisteacht leis, bíodh san sa seomra feistis nó i halla na scoile. Bhí raidhse leathan scéalta ina cheann aige, ar nós an mheafair a bhain le stíl eitilte scata ghé agus an gaol idir ghrúpa daoine, agus d’úsáid sé na scéalta siúd chun an foireann a bhí faoina stiúir a spreagadh chun glóire. Bhí cuma nádúrtha air agus é ag tabhairt a óráide, ach ba dhíograiseach an cleachtadh a dhéanfadh sé roimh ré; chreid sé go mór i ndiansaothrú. Bhí tionchar aige ar shaol pearsanta na n-imreoirí i slí nach mbeadh ag gnáth-bhainisteoir eile. Dúirt iarpheileadóir Chorcaí Rena Buckley in agallamh le ‘Breac’ gur fear bríomhar, báúil agus séimh a bhí ann, agus bua na scéalaíochta aige; chruthódh sé dlúthcheangail le daoine go héasca. Nuair a chuirfeá aithne níos fearr air mar thraenálaí, d’fhéadfadh sé bheith dian agus éilitheach, ach sin de dheasca go mbíodh sé ag gríosadh a chuid imreoirí i gcónaí lena lánacmhainneacht a chomhlíonadh. Theastaigh uaidh go dtiocfaidís fé bhláth i ngach gné den saol. Shín sé an lámh chúnta dos na cailíní ar an bpáirc peile, agus lasmuigh de. Chabhraigh sé le Rena snas a chur ar a scileanna cur i láthair, lena cuid oibre mar fhisteiripeoir, agus lena taithí mar thraenálaí í féin. Fear mór spóirt a bhí ann, ach ba é a fhláithiúlacht an bua is mó a bhain leis.
‘Níl teora ins an gaisce atá ionat,’ ab ea mana Ryan sa saol, agus do spreag sé glúin imreoirí lena fhocail fáidhiúla. Bua na múinteoireachta a bhí ag an bhfear seo, a mhúnlaigh domhain an spóirt, agus domhain spóirt na mban ach go háirithe, dúinne, agus do shliocht ár sleachta. Fear críonna, fear lách, fear uamhal a bhí ann, ach ní raibh ann ach fear ag deireadh an lae; níl luibh ná leigheas in aghaidh an bháis, agus i measc na Naomh anois atá sé. Ní bhíonn in aon rud ach seal, ach ré órga peil na mban a bhí sa seal a chaith an gaiscíoch Éamonn Ryan inár measc.
I lámhaibh Dhéidh go raibh sé.
–Ella Ní Chuirtín, 06 Feabhra 2021