Niamh De Brún: Príomheagrathóir 

 

Is iriseoir mé le Motley le dhá bhlian anuas. Fuarthas taithí san iriseoireacht agus mé ag obair leis an iris san ollscoil, grá mo chroí.  Idir cheolchoirmeacha, agallamheanna agus léirmheasanna, bhí spás cruthaitheach agam i gconaí i leathanacha Motley. Tá saol an mac léinn deacair, go háirithe le linn an phandéim, ach bhí déis agam le Motley féinléiriú pearsanta a chruthú. Le chúrsaí reatha, tuaraimí agus gné alt, siamsíocht agus faisean, bhí réimse leathan cursaí le plé againn i Breac agus táim an buíochasach páirt a ghlacadh san iris seo.  

 

I dteannta an iriseoireacht, is í an Ghaeilge grá eile mo shaol.  Chreidim gur seoid í ár dteanga dhúchas. Mar a dheirtear i Spáinis: ‘Cada lengua falta otra lengua’ – go bhfuil gach teanga ag lorg rud ó teanga eile. Ní hamháin an teanga a nimíonn nuair nach labhraítear í, ach chaillfear an an chultúr, na nósanna, is na mothúchán atá ann i ngach theanga. Tá saibhris le  haimsiú i ngach theanga, go hairithe leis an Ghaeilge, ceann de na theangacha is sine san Eoraip a bhfuil fós in úsáid againn.

 

Mar sin, táim fíor brodúil Breac a foilsiú beirt príomh eagrathóirí eile, Oonagh Ní Mhuirí agus Emer Walsh. Spéirbean an bheirt acu. Le linn an pandéim, bhíomar go léir sa bhaile, ag déanamh staidéar ar líne, agus ag lorg thionscadal úr nua. Bhí an Chuallacht ag lorg tionscnamh a bhíoch sábhálta a bheith i mbun agus bhí Motley ag lorg rudaí nua a cruth a bheidh eagsúlacht, difríul, agus le béim ar frithchultúr. Is leis an iomhá seo a chruthaíomar an iris lán-ghaeilge Breac. Iris mac léinn atá scríte go hiomlán as gaeilge, le téamaí spreagathach, nua aimsirthe, gan trácht ar bith ar na hábhair leadránach a gheofá i léamhtuiscintí na hÁrdteistiméaracht.

 

Conas a bhféidir leat an mheon seo a léiriú le focail amháin? Agus cén fáth gur roghnaigh sibh focail i gcomhar iasc Bhuel, an laideoreacht atá ag Motley ná go gcuirfimíd béim ar an bhfrithchultúr. Tá aithne againn ar an saoirse atá le fáil nuair a bhíonn béim ar an éagsúlacht. Roghnaíomar an teideal  Breac leis an meoin céanna. Breac Ballach, chomh folláin le Breac, bó bhreac, cuilt breac, tá an áit breac ballach le daoine, éadach a bhreacadh, páipéar a bhreacadh le scríbhinn, ag breachan. Tá fuinneamh spraoímhear ag baint leis an focail seo, tá sí breacadh.  

 

Ba mhaith liom chéad míle fáilte a chur roimh chách mar phríomheagrathóir an chéad iris Breac.  Fiú má tá tú i do shean- ghaeilgeoir, nó le cúpla focail, nó le fuck all, tá spás ann duit san iris seo. Má tá tú sean nó óg, gaeilgeor de dath, tógtha aníos leis an teanga, aerach, aiteach – tar isteach, tá chuile rud sna leathanaigh seo le fiosrú. Ar an scáth chéile a mhaireann na ndaoine.  

Tags: