Le Holly Buckley

 

Tá sá in am léim ar bord na Bandwagons! 

 

Is mór an onóir dom a fháil agallamh le Bríd Browne. Is podchraoltóir, léiritheoir teilifíse agus Gaeilgoir dílis as Loch Garman í. Tá aithne uirthi mar leath amháin an phodchraoladh íocónach pop cultúrtha darb ainm Bandwagons, a óstáil sí le Fionnuala Jones. Mura n-éist tú riamh, caithfidh tú chomh luath agus is féider leat! Tabharfaidh sé sonas beag níos mó do do shaol, go háirithe le linn na n-amanna dorcha seo. Le linn an chomhrá, d’inis Bríd dom faoi Bandwagons, a taithí oibre ar léirucháin TG4 agus RTÉ agus go leor eile. 

 

Ar dtús an comhrá, labhairmuid faoi an podchraoladh agus cad a bhfuil sé ar fad faoi. Le breis agus leath mhilliún íoslódálacha, tá sé sábháilte a rá go bhfuil Bandwagons ar cheann de na podchraoltaí Éireannacha is fearr ann faoi láthair. Mhíníonn Bríd go bhfuil Bandwagons dianchúrsa i ngach rud a bhfuil gach duine eile ag caint faoi: “Is podchraolta pop cultúrtha é, bíonn muid ag plé na rudaí a bhíonn gach duine eile ag labhairt faoi, ó theilifís go hinbhuanaitheacht agus gach rud eatarthu. Déanaim é le mo chara Fionnuala agus ár léiritheoir Shane agus bíonn an méid is mó craic againn”. 

 

Is é an rud is mó a thaitníonn liomsa faoi Bandwagons ná an rogha ollmhór ábhar a clúdaíonn siad, tá rud éigin ann do gach duine. Is é ‘The Den (with Ian Dempsey & Francie Boylan)’ an eipeasóid is fearr liom go pearsanta. Chuir mé ceist ar Bríd cad a bhfuil an ghné ab fhearr léi faoi an podchroaladh a dhéanamh. D’fhreagair sí: “Thosaigh muid é so bheadh leithscéal againn chun labhairt lena a chéile uair amháin sa tseachtain ar a laghad. Bíonn craic iontach againn nuair atá muid ag taifead lena chéile so an rud is fearr liom faoi ná an t-am a chaitheann muid lena chéile”. Bíonn Bríd agus Fionnuala an-ghreannmhar i ngach eipeasóid – péire foirfe atá ann! Braithníonn tú go bhfuil tú ag suí timpeall ag gáire le do chairde nuair a mbíonn tú ag éisteacht. De réir mar a rinneadh an t-agallamh tríd Gaeilge, theastaigh uaim a fháil amach an bhfuil aon phleananna ag Bríd chun seó a dhéanamh trí na Gaeilge… Deir sí: “Bhí sé ar intinn agam cheann a dhéanamh thart ar Lá Fhéile Pádraig ach níor tharla sé. Tá caighdeán maith Gaeilge ag Fionnuala freisin so b’fhéidir tarlóidh sé am éigin sa todhchaí”. Coinneoimid trasna ár méara go dtarlaíonn sé seo… coimead súil amach!

 

Toisc gur Gaeilgóir í Bríd, d’iarr mé uirthi insint faoina caidreamh leis an teanga Gaeilge agus an obair a rinne sí ar léiriúcháin Éireannacha: “Fuair mé mo chuid Gaeilge ó na cúrsaí agus an obair a rinne mé sa Ghaeltacht i gConamara le Spleodar. Tá sé go hálainn thall ansin agus bhain mé an-sult as a bheith ann leis na mná tí agus na cinnirí eile. Ní bheidh an méid sin neamhspleáchas agus craic agam ríomh arís. Chomh maith le sin, bhain mé céim amach sa Ghaeilge agus na Meáin in Ollscoil na Cathrach, BÁC. Táim beagáinín as cleachtadh le mo chuid Gaeilge faoi láthair faraor, so táim ag déanamh cúrsa le Gaelchultúr chun mo líofacht a fháil ar ais. D’obair mé le comhlacht léiriúchán ar feadh dhá bhliain, bhíodh sé an comhlacht céanna ná a rinne Pioc do Ride. Le linn na tréimhse a chaith mé ansin d’obair mé ar Blasta agus Creative Company do TG4. Bhí sé go hiontach le bheith ag obair agus ag bualadh le Gaeilgeoirí ar fud na tíre. Rinneamar a lán taisteal i rith na dtaifead so bhí mé i nDún na nGall lá amháin agus an Daingean an chéad lá eile”. 

 

Mar fhocal scoir, toisc go bhfuil paisean ag Bríd i gcomhair pop gcultúr agus an Ghaeilge araon, d’fhiafraigh mé di cad é an clár TG4 ab fhearr leí: “Pioc do Ride, ar ndóigh! Is cuimhin liom nuair a bhí mé i mo dhéagóir bhí mé gafa le Paisean Faisean, is dóigh go bhfuil na cuimhneacháin chéanna ag neart cailíní m’aois. Le déanaí, bhí mé féin agus mo dheartháir ag breathnú ar Bean an Tí freisin, is clár sár greannmhar é anois mar bhí sé taifeadta blianta ó shin”. 

 

Más mian leat níos mó de Bríd a chloisteáil, is féidir leat í a fháil ar Instagram @bridboo. Is féidir leat éisteacht le Bandwagons pé áit a mbíonn podchraoltaí ar fail. Is féidir lean na cailíní ar gach meain socialta ag  @bandwagonspodcast.

Tags:
Previous Post

Fáilte Chuig Breac

Next Post

Ráflaí Cois Laoi