Le Aoife Ní Chrualaoich

 

Mar mhac léinn i mbliain na céime ag staidéar na healaíona idirnáisiúnta, tá mo sheacht sáith ráitis searbhasacha cloiste agam. Táim bréan de dhaoine eile ag magadh fúinn faoinár gcúrsa. Measann daoine áirithe gur cur amú ama é a bheith ag baint céim ealaíona amach. B’fhearr go mór fada dúinn ‘fíor chúrsa’ a dhéanamh agus go mífhortúnach, éirímid cleachta leis na ‘scéalta grinn’;

 

‘Ní hamhlaidh go bhfaighidh tú aon phost tar éis an choláiste.’ 

‘Ní gá duit a bheith ag staidéar i gcomhair na scrúduithe, tá an cúrsa chomh éasca.’

‘Beidh ort máistreacht de shaghas éigin a dhéanamh ina dhiaidh sin.’

 

Chun an fhírinne a rá, níl na ráitis sin greannmhar in aon chor agus tá siad cloiste arís ‘is arís againn. Ceaptar go forleathan gur daoine leisciúla agus amaideacha iad na mic léinn ag staidéar na healaíona, gan aon deiseanna gairmeacha le fáil dóibh. Ina theannta sin, síleann an gnáthdhuine gur rogha éasca é na healaíona; an-oiriúnach do dhaoine óga nach bhfuil pointí arda bainte amach acu san Ardteist. Fágadh réidh sinn leis an míthuiscint a chreidiúint go mbíonn na cúrsaí ollscoile le pointí arda i bhfad níos iontaí ná cúrsaí eile. 

 

San alt seo, labhraím le Faye Murphy, céimí sna healaíona agus gaeilgeoir bródúil. Roinneann sí a cuid tuarimí faoin gcúrsa agus go deimhin, na deiseanna atá le fáil dúinn tar éis an choláiste.

Gan aon amhras, bhíos ag dul siar ar bhóithrín na smaointe le déanaí agus muid ag druidim le deireadh na bliana acadúla. Tá mo mhothúcháin trí chéile faoi láthair. (beagáinín ‘cringe’) Caithfidh mé a admháil, go bhfuilim chomh-sásta leis an gcúrsa a roghnaíos. 

Tá Faye den tuairim céanna faoina cúrsa; ‘Bhaineas ard-taitneamh as mo thréimhse i gColáiste na hOllscoile Chorcaigh. Nuair a bhíos ar scoil ní raibh fhios agam cén post gur mhaith liom bheith agam. Bhí an-ghrá agam ar an nGaeilge, bhí an méid sin ar eolas agam ach ní raibh aon shlí bheatha soiléir dom. Bheartaigh mé cloí leis an rud a thaitin go mór liom, is é sin an Ghaeilge, agus bhíos dóchasach go dtiocfainn ar fhreagra sa deireadh – agus buíochas le Dia, tháinig! Thug céim sna healaíona deis dom blaiseadh beag a fháilt den ábhair éagsúla roimh cinneadh dhéanamh mar gheall ar na hábhair a dhéanfainn don chéim. Thaitin an éagsúlacht sin go mórmhór liom agus b’shin an fáth gur roghnaíos céime ealaíona.’



Cinnte, is daoine cruthaitheacha, cumhachtacha agus neamhspleácha iad, na céimithe sna healaíona leis an gcumas chun dul i dtaithí ar aon thimpeallacht oibre. I ndáiríre, cá mbeimís gan aon scríbhneoirí, aistritheoirí, teangeolaithe, múinteoirí, scannánóirí agus láithreoirí? Tá go leor cúrsaí láidre ar fáil i gcoláiste na healaíona agus ní gá a rá go mbeadh ár tsochaí caillte gan céimithe sna healaíona. 

Dar le Faye; ‘Tá fostóirí ar thóir céimí ealaíona mar ceaptar gur daoine iad atá in ann eolas a chruthú, a anailísiú agus a roinnt go cumasach agus go hinniúil. Bíodh bródúil as an gcéim atá á dheánamh agat. Ag deireadh na céime beidh iliomad scileanna éagsúla agat nach mbeidh ag céimithe eile.’



Fuair Faye deiseanna iontacha tar éis na céime bainte amach aici; ‘d’oibrigh mé sa tionscnaimh craoltóireachta agus turasóireachta (RTÉ agus Fáilte Ireland) agus beidh mé ag tosnú post nua sa tionscnamh teicneolaíochta go luath (Technology Ireland, Ibec).’  Is inspioráid í Faye dúinn go léir mar mhic léinn sna healaíona. Léiríonn sí an luach a bhaineann leis an gcúrsa. Gan aon dabht, tá sí fíorbhuíoch as an gcúrsa a dhein sí, mar anois, tá Faye in ann bogadh ó thionscnamh go tionscnamh go héasca le na scileanna fiúntacha atá faighte aici ón gcéim. ‘Ó mo thaithí féin, tá fostóirí ag iarraidh teacht ar dhaoine le réimse leathan scileanna agus sin é go díreach cad a fhaigheann tú le linn céime ealaíona.’

 

Cinnte, tá conair ghairme díreach ag na dochtúirí, na haltraí nó na hinnealtóirí agus gan dabht, tá meas láidir ag gach duine orthu. Ach, maidir le na healaíona, níl aon teorainn lenar féidir a dhéanamh. Nach bhfuil sé sin go hiontach? Dar le Faye, ‘Is leor do chuid céime. Bíodh muinín agat sa cháilíocht a bheidh agat agus bíodh lán-fhios agat go mbeidh tú in ann teacht ar phost iontach leis an mbunchéim’. Gan aon cheist ná dabht, tá an saol ar do thoil agat!

Tags: