Idir an chéid cháis riamh as Gaeilge i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpach, agus deireadh an mhaolaithe Gaeilge, is léir go bhfuil stádas na Gaeilge ag feabhsú ar fud na hEorpa.
Tá an taoide ag casadh don Ghaeilge san Aontas Eorpach. D’éist Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpach leis an gcéad chás riamh as Gaeilge i Lucsamburg i mbliana. I dteannta sin, tiocfaidh deireadh leis an maolú ar an nGaeilge san Aontas Eorpach ag deireadh na bliana seo, a laghdaíonn úsáid na Gaeilge san Aontas. Is cinnte go bhfuil úsáid na Gaeilge ag dul chun cinn san Aontas Eorpach.
Cé gur teanga oifigiúil den Aontas Eorpach í an Ghaeilge, níor éist Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpach le cás as Gaeilge riamh ó tháinig Éire isteach san Aontas Eorpach sa bhliain 1973. Chuir an Ard Chúirt cás as Gaeilge chun na Cúirte i Lucsamburg sa bhliain 2019, áfach, agus d’éist Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpach leis in Eanáir na bliana seo. Seoladh na doiciméid go léir go dtí an Chúirt i Lucsamburg as Gaeilge, agus bhí an éisteacht as Gaeilge freisin. Aistríodh an éisteacht ag an am céanna do na breithiúna.
Dhírigh an cás ar theip an stáit rialacha an Aontais Eorpach a chur i bhfeidhm maidir le lipéadú dátheangaigh ar leigheas tréidliachta in Éirinn. Is léir go raibh Éire ag sárú dlí an Aontais Eorpach, ach rachaidh an dlí sin in éag sa bhliain 2022. Ní mór don Chúirt cinneadh a dhéanamh an bhfuil cead ag an Ard-Chúirt in Éirinn neamhaird a thabhairt ar an sárú sin toisc go bhfuil deireadh ag teacht leis an dlí sin go luath. Ceaptar go dtabharfaidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpach cinneadh go gairid.
Tá an cás seo an-suntasach do stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach. Bhí an t-iarratasóir, Peadar Mac Fhlannchadha, an-shásta leis an gcás as Gaeilge agus dúirt sé go gcuirfidh sé feabhas ar stádas dlí na Gaeilge. D’athdhearbhaigh Feisirí Pharlaimint na hEorpa Billy Kelleher a smaointe agus dúirt sé gur ócáid “iontach agus tábhachtach” a bhí i gceist d’Éire. Ní hé an cás seo an t-aon athrú tábhachtach do stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach i mbliana. Ó tharla gur teanga oifigiúil san Aontais Eorpach í an Ghaeilge, rinneadh maolú ar dheiseanna na n-institiúidí na cáipéisí atá le haistriú a roghnú. Tá an maolú sin ag teacht chun deiridh faoin 31 Nollaig 2021 áfach agus beidh stádas dlí iomláin ag an teanga. Rud eile a d’fhéadfadh cabhrú le húsáid na Gaeilge san Aontas Eorpach ná an Bhreatimeacht. Beidh níos lú tábhacht ag baint leis an mBéarla mar gheall ar an mBreatimeacht agus dá bharr sin is dócha go mbeidh níos mó béime ar an nGaeilge, mar ár dteanga náisiúnta. Beidh go leor postanna agus deiseanna le fáil san Aontas Eorpach do chainteoirí Gaeilge sa todhchaí dá bharr.
Tá súil agam go mbeidh níos mó suime sa Ghaeilge mar gheall ar an aitheantas seo san Aontas Eorpach. Nuair a fheicfidh daoine ról tábhachtach na Gaeilge ar fud na hEorpa b’fhéidir go n-aithineoidh siad tábhacht na Gaeilge in Éirinn chomh maith. Léiríonn úsáid na Gaeilge san Aontas Eorpach nach bhfuil an Ghaeilge caillte dúinn agus nach labhraítear Gaeilge ach i nGaeltachtaí amháin, is féidir í a úsáid ar fud na tíre agus anois ar fud na hEorpa. Le cúnamh Dé réiteoidh an cás seo i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpach an bealach do chásanna eile as Gaeilge sa Chúirt agus sna cúirteanna in Éirinn chomh maith. Is cosúil go bhfuil stádas na Gaeilge ag dul i bhfeabhas san Aontas Eorpach agus go mbeidh go leor cásanna mar seo ar siúl as Gaeilge i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpach sa todhchaí.
-Saoirse Ní Dhonnachadh