Nach maith an chuimhne atá agam ar an 12 Márta 2020 – an lá inar athraigh na haon rud beo. Shiúlamar amach doras na scoile agus sinn go léir chomh sásta le ríthe. Dhá seachtaine saor ón scoil – aoibhneas na bhflaitheas!

Ach cé a cheapfadh go mbeimist fós i lár na paindéime seo bliain níos déanaí? Go mbeadh Ardteist 2020 curtha ar ceal? Go mbeadh formhór mór chúrsaí ollscoile ar líne? Is mé ag scríobh an ailt seo, is deacair liom a thuisicint cé chomh difriúil is atá an saol anois, agus an coróinvíreas inár measc. 

Dar liomsa, tréimhse thar a bheith deacair is ea í do lucht na chéad bhliana, go háirithe. Thosnaigh sé le neamhchinnteacht na hArdteiste, a lean ar aghaidh ar feadh cúpla mí. Ach, bhíomar dóchasach. Thiocfadh mí Mheán Fómhair, bheadh an chuid is measa curtha dínn agus bheimist go léir ag baint ana-shúip as na gnéithe éagsúla de shaol na hollscoile. Faraoir, ní mar sin a thit rudaí amach.

Agus mé ag labhairt le mic léinn difriúla fén mbliain aisteach seo, ní haon ionadh gurb í an chianfhoghlaim an chéad rud a thagann suas sna comhráite i gcónaí. Is cinnte go bhfuil sí ag dó na geirbe ag cuid mhór mac léinn ollscoile fé láthair – is cuma cén bhliain ina bhfuilir. Bíonn sé ana-dhúshlánach díriú ar an ríomhaire don lá ar fad, gan trácht ar fhadhbanna teicneolaíochta agus a leithéid. Chomh maith leis sin, tá an ghné shóisialta go mór in easnamh. Is rud é seo a bhíonn ag cur isteach ar lucht na chéad bhliana go háirithe, dar liomsa. Tá sé go hiomlán mínádúrtha go bhfuilimid i lár mhí Feabhra agus nach bhfuilim tréis bualadh sa bhfíorshaol le formhór na ndaoine sa chúrsa céanna liom. Is iontach an rud í an teicneolaíocht, ach gan dabht d’fhéadfadh sí a bheith ana-uaigneach nuair nach mbíonn tú ag bualadh le daoine go rialta. Ní mór dom a rá, áfach, go bhfuil an t-ádh dearg liom le bheith ag cur fúm in Áras Uí Thuama i mbliana. D’éirigh liom cairde iontacha a dhéanamh agus is minic a bhímid ag caint agus ag cabaireacht fé chúrsaí an tsaoil. Ach, smaoiním ar lucht na chéad bhliana atá age baile fé láthair. Níl cuid díobh tar éis bualadh le haon duine sa chúrsa céanna leo, fiú san ollscoil céanna leo, b’fhéidir. Is bocht an scéal é agus níl sé nádúrtha ar chor ar bith. Bliain is ea an chéad bhliain le bualadh le daoine nua, le tú féin a chur chun cinn agus le taithí a dh’fháilt ar shaol na hollscoile. Faraoir, ní bhfaighimid an seans an bhliain sin a dhéanamh i gceart choíche.

Ar na himeachtaí éagsúla i saol na hollscoile atá caillte againn i mbliana, ritheann cúpla ceann ar leith liom. Is mó scéal greannmhar atá cloiste agam fé Sheachtain na nGiobal agus fén spórt agus an spraoi a bhaineann léi. Chomh maith leis sin, is cuimhin liom mo dheartháir ag rá liom mar gheall ar an bhfuadar a bhíonn fé mhic léinn ticéidí dos na báil éagsúla a dh’fháilt. Smaoiním ar na rudaí simplí chomh maith – bualadh le daoine sa bhfíorshaol nó dul go dtís na léachtaí gan smaoineamh ar Microsoft Teams. Is rudaí iad seo atá caillte againn go léir, ach cuimhním go truamhéalach orainne – lucht na chéad bhliana. Tá an oiread san rudaí caillte againn i mbliain a bheadh lán de spórt, de spraoi, de chraic agus de chairdeas go hiondúil. Le cúnamh Dé, beidh an tréimhse seo curtha dínn go luath agus fillfimid ar chúrsaí mar a bhí tráth. 

Siobhán Ní Chróinín.

Tags: