Ag cothrom na súl a bhíos le pocaire gaoithe,

É ag ainliú thar Ghleann Glas na hUidhre;

Féachadóir Dé ar crochadh ag bruach na spéire.

 

Beannaithe ag an bhfoighne;

Súil an chreachadóra ag faire na faille, 

Gan chorraí

 

Sular thit sé

 

Trí aithleá binn an tsamhraidh

I dtreo na Siúire;

Splanc aibhléise fé anáil na saoirse.

 

Anois- neadaímse idir bhallaí;

Clutharaithe ó thinneas, 

Agus mhaidineacha dúgheimridh.

 

Ach nach mise atá ite ag éad,

Agus mé ag taibhreamh fé fhabhcún

Timpeallaithe ag Parthas.

 

Antóin Ó Trinlúin

 

Tags: