Tagann an Luain agus tagann na ranganna. Dúisím, táim sa choláiste anois, ba chóir go mbeadh féidearachtaí an lae gan teoireann. Tuigim faoi deara an réaltacht… nílim i gCorcaigh.. táim sáinnithe istigh i mo sheomra , mo bhréagáin líonta timpeall thart orm ag stanadh ar an scáiléan ar mo ríomhaire. Mo ríomhaire nach mothaigh an saghas úsáid seo riomh. 

Forgraíodh an nuacht nach mbeimis in ann fanacht in oideachas go fisiciúil nuair a bhí mé sa ghnó i meanscoil. An maidin sin, d’fhéachamar ar ár leas-príomhoide agus é ag déanamh taispéantas dúinn ar chonas do lamh a ní. Go nadúrtha, inár n-intinn bhí se sin saghas siamsaíocht agus muid ag féachaint ar fhear meánaosta ag tógail am ranga chun an coincheap uilíoch ‘ sláinteachas láimhe’ a phlé. An tráthnonna sin ritheamar abhaile , dhá seachtaine sa bhaile…. bhí sé tuillte againn. Bheimis in ann staidéar a dhéanamh agus ár scíth a ligeann. Is annamh a fhaightear an deis sin sa séu bhliain! 

Ní fhéadfá a shamlú an éifeacht a bhí ag an saoire “coicíse” seo ar dhaoine atá sa chéad bhliain i gcoláiste. Gan dabht fulaingímid go léir ach ceapaim go bhfuil an am tagtha chun plé a dhéanamh ar an éifeacht intinne atá ag an gcoróinvíreas ar scoláirí sa chéad bhlian. 

Ar dtús, mothaímid ar strae. Bhuel, ar pháipéir táim i gCorcaigh ach i ndáiríre níor fhreastail mé ar léacht ann ríomh. Chuaigh mé mar lucht féachanna chuig níos mó cluichí cheannais na Mumhan i gCorcaigh ná imeachtaí ollscoile. Shamhlaigh mé mo leathanta i gcoláiste na hollscoile i  gCorcaigh mar ghnóthach , ag bualadh le daoine eile a mhaireann lasmuigh mo theoireannacha dúchais, ag éisteacht le léachtóirí suimiúla ag blathú le bród agus iad ag sceipeadh an ghlóir a bhaineann lena n-ábhar. Nuair a smaoiním ar an radharc samhlaithe agus an réaltachas agus conas a bhíonn siad ag cur salach ar a chéile mothaíonn mo chroí neamhiomlán, buartha , éiginnte. Seasann an cheist “cén lá in a mbeidh gach rud “gnáth” arís ?” i mo cheann de shíor. Gan dabht, tá an deighilt idir cursaí mar a tá agus cursaí mar ba chóir dóibh a bheith mar foinse mearbhaill do chéad bhlian, saghas éiginnteacht a bhímid ag feidmhiú le gach aon lá. 

Anuas ar sin gach duine, cá bhfuil an craic ?. Mar Éireannaigh glacann an spraoi chuid lárnach inár saol. Teastaíonn uait fianaise faoi sin ? Bhuel, féachaigí ar ár bhféilte, ár gcoisirí agus fiú ár sochraidí!. I mo shaol, bíonn tionól poiblí lán le tábhacht dom. In Éirinn bíonn na hoícheanta amuigh fiú deasgnáthaíoch. An t-ullmhúchán roimh, ag déanamh iarracht feisteas a phiocadh amach ón gcarn eadaí ar an úrlar, ag sciúradh donnú bréige i gcosúil le go bhfuil do shaol ag brath air nuair a thuigeann tú go bhfuil tú beagánín ró-oráiste. I ndeireadh an lae, ní shantaíonn tú a bheith mar aisteoir ag obair do Willy Wonka!. Agus ansin buaileann tú do chairde, cén áit? Is cuma. Méadaíonn an sceitiminí, pléitear cé atá ag dul amach agus cén áit ina mbeidh sibh ag dul.. ansin tagann an tacsaí. Ó Mhárta níor mhothaigh mé an mothúchán sin.

Feidhmhíonn an oiche tar éis an tacsaí mar mheicníocht chun bualadh le daoine as gach cúlra gan néaróg ná eagla. Sa chéad bhlian dhéanfaimis an iomaí chairde ach anois tá moill ar an bpróiseas. Féachaim ar liosta daoine a bhíonn ag éisteacht le mo léachta agus ní fheicim aon rud ach strainséirí , strainséirí a mhothaíonn i bhfad uaim. Níl aon rud in ann a bheith san iomaíocht leis an teaghmháil fisiciúil. Cé go bhfuil méadú doshamhlaithe taghta ar an teicneolaíocht ní féidir linn neamhaird a dhéanamh ar an bhfírinne go bhfuilimid daoine . Tá an teagmháil fite fuaite leis an daonnacht.

Gan dabht, fulaingíonn na scoláirí sa chéad bhliain de bharr an coróinvíreas. I mo thaithí, mothaím ar strae agus tá an craic in easnamh orm!      

 

Le Mairéad Kearney

 

Tags: