Le Aoife Ní Chrualaoich
Is cosúil go bhfulaingíonn an formhór le haicne mar dhéagóirí agus gan aon cheist ná dabht níl an saol éasca ag daoine sna déaga. É sin ráite, ní raibh súil ar bith agam leis na deacrachtaí a bheadh agam le mo chraiceann mar mhac léinn i mo fichidí. Ní hamháin go bhfuil pian uafásach a bhaineann le haicne ach is iad na streachailtí le féinmhúinín agus féinmheas na gnéithe is measa dom.
Chun an fhírinne a rá, ní labhraíonn éinne go hoscailte faoin aicne ach go háirithe aicne fásta. Ní thuigim cén fáth ach is ábhar toirmiscthe é. Mar bharr ar an donas, tá ‘maskne’ againn anois chomh maith chun chur isteach orainn go léir.
De ghnáth is é an strus an cúis le haicne don mórchuid. Tá an domhan ag athrú lá i ndiaidh lae agus mar is eol de chách, níl sé indéanta srian iomlán a choinneáil ar thosca seachtracha. Ta brú an choláiste i gcroílár ár saolta agus mar mhac léinn i mbliain na céime, is scáfar an smaoineamh é an todhchaí. Is é an tréimhse seo an t-am is dúshlánaí riamh inár saolta, mar sin, nach bhfuil sé nádúrtha cúpla goirín a fháil? Ná bí ródhian ort féin! Ní bheidh sé mar seo go deo.
Cinnte, is iomaí slí le fáil ann chun aicne a leigheas agus ní féidir linn ach triail a bhaint as cleasanna éagsúla. Mar bhean óg, tá go leor trioblóidí agam le mo hormóin. Bhí drocheispéireas agam leis an bpiolla agus d’fhág sé a rian ar mo shaol (beagáinín dramatúil). Áfach, ag an am céanna, cloistear scéalta faoi chailíní a athraíonn go leor go meabhrach agus go fisiciúil nuair a bhfuil an piolla á thógáil acu. Ó mo thaithí féin, ní raibh mé sásta le linn na tréimhse a raibh an piolla á thógáil agam, bhíos ró-imníoch an t-am ar fad agus ní raibh aon smacht agam ar mo mheáchán. Go mífhortúnach, níor tháinig athrú ollmhór, suntasach ar mo chraiceann.
Mar a deirim cheana féin, ní féidir linn gach gné d’ár saolta a rialú go hiomlán ach is ‘control freak’ mé agus ba mhaith liom smacht a bheith agam ar mo chorp féin. Cinnte, tá gach duine agus gach aon chás an-dhifriúl. Oireann an piolla do dhaoine áirithe agus creideann go leor cáilíní sa phiolla ach an cheist is suimiúla ná an bhfuil a fhios ag an formhór faoi na fo-iarsmaí a bhaineann leis nuair a thosnaíonn siad á thógáil?
Ar an iomlán, ní fheileann an piolla nó accutane ar gach bhean in aon chor, tá a thuilleadh treoracha riachtanach do na mná agus is gá dúinn cuimhneamh ar na gnéithe eile roimh piollaí láidre cosúil le accutane a thógaint.
Mar mhac léinn, ait go leor ach, níl mé lofa le hairgead. Gan amhras, tá na táirgí cúram cnis costasach go maith; na maothóirí, na séirim, na glántóirí. Tá nós cúram cnis ollmhór agam, ach fós tá cairde agam le dreach breá orthu ach níl aon nós cúram cnis acu. Ní thuigim é sin? Cinnte, bhíos ábhairín éadmhar le tamall ach ar an taobh eile, d’fhás mé chun taitneamh a bhaint as mo chúram craicinn mar shlí chun mo scíth a ligean agus beagán ama a thógáil dom féin.
D’fhéadfá a rá go bhfuilim réidh i mbliana agus mé i mo fichidí, chun glacadh leis an bhfíric go bhfuil aicne orm. An rud is tábhachtaí a fhoghlaim le linn na paindéime seo ná bheith sonas leis féin. Má dhéanaimid normalú ar aicne beidh na saolta do dhaoine óga níos fusa agus beidh gach duine níos féinmhuiníne. Braitheann mórán cailíní níos compordaí chun dul amach gan aon smideadh ar a n-aghaidh.
Ná hábair na rudaí seo le duine a bhfuil aicne air:
(1)Tá mo chraiceann uafásach freisin (an té le goirín amháin)
(2) B’fhéidir go bhfuil tú ag ithe an iomarca táirgí déiríochta nó seacláide?
(3) Má chuireann tú smideadh ort, tagann níos mó goiríní ort.
(4) An dtagann an fhuil mhíosta ort?…Bhuel, sin é an fáth?
(5) Bain triail as an bpiolla!
Léirigí tuiscint do dhuine a bhfuil aicne ort, bí cineálta agus ná tabhair breithiúnas ar chraiceann duine eile!