Le Holly Buckley 

 

Ah, na noughties, an ré ina raibh sé faiseanta gúna a chaitheamh thar jeans agus an am a shúil tú timpeall ag éisteacht le hamhráin angsty Avril Lavinge ar do Walkman. Gan amhras, bhí tú ag rith abhaile ar luas lasrach chun féachaint ar The Den tar éis am scoile, ach an cuimhin leat an sheod cultúrtha Paisean Faisean? I ndáiríre, conas a d’fhéadfá dearmad a dhéanamh ar Paisean Faisean? 

 

Is Paisean Faisean beagnach cosúil le brionglóid fiabhras domsa. Seó tipiciúil noughties a bhí i gceist. Fresin, bhí sé mar deasghnáth aistriú saoil do mhúinteroirí uaillmhianach thimpeall na tíre. Mura bhfaca tú ar Paisean Faisean riamh, go bunúsach, seó geandála a bhí ann inar roghnaigh cailín amháin dáta le buachaill ar bhonn a cumais siopadóireachta. Cuireadh de chúram ar gach buachaill aon chulaith amháin a cheannach agus a chur le chéile ó shiopa amháin leis an tsuim fhlaithiúil €400 (a méadaigh go €500 i séasúr a ceathair). Freisin, is é an rud is íorónta faoi Paisean Faisean ná ní raibh aon iomatheoir riamh paiseanta faoin fhaisean. Ní raibh clú dá laighaid acu.

 

Ó thaobh an lae inniu de, is buntuiscint seanaimseatha agus stáilaithe é, agus is dócha gurb é an seó Tíogair Cheilteach is mó a bhí ann riamh. Is cuir amú airgid é an méad sin airgid a chaitheamh ar chulaith amháin! Níl aon chomhtharlú ann gur bhuail Paisean Faisean a luaithe a bhuail an cúlú eacnamaíochta toisc go raibh sé chomh daor. Ó amharc siar, tá súil agam go bhfuil aiféala orthu gan beagán níos mó airgid a chur isteach sa léiriú iarbhír, go háirithe an obair cheamara.

 

Ba é an rud an rud a fuair mé an-súntasach ag féachaint siar ar eipeasóidí de Paisean Faisean ná obair an cheamara! An raibh oibreoir an cheamara ag caitheamh rud éigin? Tógfaí timpeall caoga gearradh i ngach comhrá dhá nóiméad ó gach uillinn a d’fhéadfá a shamhlú riamh. Gach uair a rachadh Aoife go suíomh nua bheifeá beannithe le huillinn randamach chlaonta a thógtar ón urlár! Ag smaoineamh ar anois, gabhann an gluaiseacht leanúnach agus an súmáil isteach agus amach an fuinneamh chaotic atá bun agus barr Paisean Faisean. Mar sin féin, tá sé thar a bheith siamsúil chun breathnú siar ar na héadaí lofa agus an náireacht i ginearálta. Má tá tú fiosrach anois, is féider leat féachaint ar gach éipeasóid anois ar an TG4 player.

Tags:
Previous Post

The Toxic Relationship Between Monogamy and Mortality

Next Post

Comhrá le Kneecap