Emer Breathnach – Príomheagarthóir. 

“An rud is giorradh don chroí, ‘sé is giorradh don bhéal.”  

 

Tráth dá raibh, agus mé i mbun na hArdteiste, tuigtear dom don chéad uair gurb í an Ghaeilge mo theanga dhúchais. Chuir an tuiscint sin gliondar ar mo chroí. Dhá bhliain bheag roimhe, ní raibh ach cúpla focal agam mé féin. Bhí easpa suime agam agus, chreid mé, easpa ábaltachta freisin. Níor tógadh mé leis an teanga, agus ní raibh mórán deiseanna agam í a chloisteáil nó a chleachtadh ach an oiread. Ach d’athraigh mo mheon ina iomlán ag tús an chúigiú bhliain.  

 

I bhfad rómhinic, cloisim go bhfuil an slí ina mhúintear ár dteanga chomh seanaimseartha go bhfuil sé gan tairbhe, agus faraor, aontaím. Ní spreagfadh an ghnáth-stíl mhúinteoireachta sa Ghaelainn grá teanga in éinne. Ach bhí an t-ádh dearg liom. A bhfuaireamar  muinteoir nua, nár thaitin an curaclam Ardteiste léi, a thosaigh mé ag foghlaim an teanga. Ní raibh sí ann chun díospóireacht nó filíocht nó drámaíocht a mhúineadh, bhí sí ann chun an Ghaeilge a mhúineadh.  

 

 

Tar éis cupla seachtain bheag léi, shíl mé don chéad uair riamh go raibh mé lámh le líofacht sa Ghaeilge. Bhí mé ábalta an teanga a thabhairt abhaile liom, a fheiscint agus a úsáid lasmuigh den seomra ranga. Thosaigh me ag smaoineamh as Gaeilge, ag brionglóid as Gaeilge agus ag caint liom féin as Gaeilge. Is ansin amháin gur éirigh liom áilleacht ár dteanga a thuiscint ar deireadh thiar thall.  

 

 

Ach, faraor, tuigim nach bhfuil an taithí seo ag gach duine. Mar sin féin, is é sin sprioc na hirise seo. Ba mhaith linn áilleacht na Gaeilge a roinnt leat, an léitheoir. Is é an aidhm atá againn an Ghaeilge a chur chun chinn inár saoil agus inár bpobail, do gach duine. Ba mhaith linn taithí spéisiúil, chroíúil, a chruthú daoibh, murab ionann is an taithí leamh, liosta, ar a bhfuil aithne ag mórán daoine ón scoil. Tá meas tuillte ag ár dteanga dhúchais, meas nach bhfuil faighte aici le fada-ní bhfuair sí é ó na Sasanaigh, agus ní bhfaigheann sí inár gcóras oideachais fós é. 

 

 

Mar sin, gan a thuilleadh mhoille, is le bród an domhain a chuirim féin, Niamh, agus Oonagh an iris Breac os bhur gcomhair! Tá mé fíorbhuíoch go raibh an deis agam páirt a ghlacadh i mbunú Breac, agus ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil lena heagarthóirí agus scríobhneoirí a chuidigh linn iris dochreidte a chruthú.  

 

 

Deirtear go minic, “Tig maith mór as moill bheag,” agus tá súil againn nach bhfuil sé ródhéanach duit athchuairt a thabhairt ar an teanga ba áille, dar liom, ar domhain.  

 

 

Is fearr mall ná go brách. 

Tags: