“An raibh aimsir riamh nuair a bhí sé ‘go breá’ bheith i do bhean sa tír seo?”
Sin a cheistigh Síle Ní Dhubhghaill, ionadaí gníomhach des na Daonlathaithe Sóisialta, nuair a tháinig an tuairsc is déanaí mar gheall ar na hÁrais Máithreacha agus Leanaí chun solais i dtús na bliana seo. Bhí cuma ar an scéal ag an am san go raibh cúrsaí ar tí athrú, ach cleas an philibín a bhí i gceist, mar is gnáth. Ní gá ach féachaint chomh fada le cruachás Vicky Phelan agus Lynsey Bennett chun aithint go bhfuil an rialtas fós ag déanamh faillí ar mhná na tíre seo, go bhfágtar ar leataoibh na daoine is leochaillí inár sochaí.
Is sa bhliain 2014 a d’iompíodh saol Vicky Phelan bun os cionn, le fáthmheas ailse cheirbheacs; ach rud nár thuig sí ag an am, ná go raibh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag cur an dallamullóg ar mhíle bean a bhí cloíte go maith ag tuairisceoireacht éigrinn a gcuid tástáil smearaidh. Trí bliana i ndiaidh san, d’airigh sí go raibh a cuid dochtúirí ag caitheamh anuas uirthi, agus go bhfuair sí toradh bréagdhiúltach i scrúdú sa bhliain 2011. Idir an dá linn, bhí gach seans go leigheasfadh í le cúram dochtúra; ach níor ligeadh di an deis san a thapú. Is ar mhaithe leis féin a dhéanann an cat crónán, agus dhein Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte iarracht an phraiseach ina raibh an córas a cheilt uaithi, agus uainn uilig. Dúradh léi go raibh a rás rite aici; go mbeadh sí i gcré na cille, ag iompar na bhfód, i gceann bliana. “An rud nach bhfuil leigheas air, caithfear cur suas leis,” a deirtear, ach níor bhuail cumadóir an natha san le Phelan, a déarfainn; banríon agus gaiscíoch, ionadaí na mban seo ar caitheadh ar charn aoiligh na beatha iad ag ár rialtas, agus í fós ag stocaireacht an chóir a éileamh ar son mná na hÉireann.
Is de dheasca feachtais Phelan go bhfuil íobartaigh an scannail ailse cheirbheacs in ann troid in aghaidh an todhchaí réamhcheaptha atá leagtha os a gcomhair amach. Í siúd a streachail go dtí go raibh an druga ceannródach ‘pembrolizumab,’ ar fáil di féin agus dos na mnáibh uilig a bhí ag streachailt léi. Í siúd a nochtaigh an scannal nuair a bhí na héinne ag iarraidh é a choiméad fé rún daingean. Í siúd anois atá díbeartha go Maryland sna Stáit Aontatha chun páirt a ghlacadh i dtriail chliniciúil de bharr neamhairde ár gcórais sláinte anseo. Tá traidisiún láidir againn sa tír seo mná a chur fé chois agus faillí a dhéanamh orthu, agus is léir ó chás Phelan nach gcífimid iompadh na taoide san in aicearracht. Bhí uirthi a clann a fhágaint taobh thiar di agus bóthar a bhualadh i lár paindéim Covid-19, aimsir lán de chontúirt agus buairt. Beidh trí drugaí á thógaint aici sa triail seo, rud nach bhfuil taithí aici leis, agus is rud imníoch di bheith ina haonair, trí mhíle míle ó bhaile, agus dall ar chonas mar a rachaidh an teiripe seo i bhfeidhm ar a corp sna laethanta amach roimpi. Ach is cumhachtach an bhean í Phelan. Níl sí chun éinne nó aon rud a ligint an lámh in uachtar a fháil uirthi. Aithnítear cara i gcruatan, agus deir sí go dtugann a clann agus a cairde sa bhaile, maraon le beannachtaí an phobail i gcoitinne, misneach di treabhadh léi.
Do gheall an rialtas an ghrian agus an ghealach dos na mná a thréigeadar, ach táid fós dá dtarraingt tríd na gcúirteanna, mar a chonaicemar i gcás Lynsey Bennett le déanaí. “Seans nach mbeadsa i bhur dteannta ar ball beag,” a dúirt sí go cróga lasmuigh den Ard-Chúirt, agus chuir muintir na hÉireann ár gcinn fúinn le náire gur chuireamar bean bhreoite shoghanta sa chruachás seo. Fágann an tslí gur chaith rialtas na hÉireann le mná na tíre máchail ghránna ar stair an oileáin seo againne. Fágaimid slán le Bennett agus í ar thóir idirghabháil teireapacha i Meicsiceo a thabharfaidh blúirín beag ama eile di chun bheith ina máthair dá beirt iníonacha mhuirneacha. Scapaithe timpeall na cruinne atá sliocht na hÉireann ó aimsir an Ghorta Mhóir, ach ní féidir na Sasanaigh a lochtú an uair seo. “Mór mo bhrón: d’éag an dream inar chuireas dóchas,” a dúirt an Piarsach, ach anois is sinne a thréig ár muintir féin, agus is scannal é.
Guímid gach rath oraibh, a Vicky agus a Lynsey, ár spéirmhná agus ár ngaiscí, agus sibh amuigh thar sáile ag troid ar son bhur gclann, agus ar son mná ar fud na tíre. An té a bhfuil builín aige, gheobhaidh sé scian lena ghearradh, agus le cúnamh Dé, tiocfaidh sibh slán sábháilte thar n-ais chugainn. Tá na coinnle ar lasadh anseo daoibh. Tá na húrnaí á rá. Seasaimid uilig libh.
Nár laga Dia sibh.
‘Go n-éirí an bóthar leat
Go raibh an ghaoth go brách ag do chúl
Go lonraí an ghrian go te ar d’aghaidh
Go dtite an bháisteach go mín ar do pháirceanna
Agus go mbuailimid le chéile arís,
Go gcoinní Dia i mbos a láimhe thú.’
–Ella Ní Chuirtín, 07 Feabhra 2021